1. |
Adidja Palmer
03:26
|
|||
Bíonn tú i gcónaí ag clabaireacht
Is tú amuigh le do chairde
I gcónaí ag caint fúm
Cailín nach mbíonn ort ach náire
Éist do bhéal
Éist liomsa
Éist do bhéal
Tá rud agam le rá chugat
Bhí tú ag stánadh amuigh ar an charraig
D'aimsigh mé thú ón fharraige
Bhí tú ag tochailt faoin gcré ar an talamh
Chuala mé thú ón mbaile
Bhí tú ag cuarda móin agus cruithneacht
Luaitear thú ar an nuachtán
Bhí tú ag smaoineamh ar imeacht chun bóthar
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
No níl ionat ach gadaí
Bíonn tú i gcónaí ag goid
Bíonn do lámh istigh sa fridge
Cuireann tú mo rudaí ar folamh
Bíonn tú i gcónaí ag léim ar an mballa
Leis an buachaill eile ón gcúinne
Ó gyalí get a move on
Nílim ag iarradh fanacht brónach
Nílim ag iarradh ródadh
Ní bheith mé leat i gcónaí
Nílim ag lorg Corona
Buidéal agus ólfaidh
Mé gach rud atá istigh ann
Drop down agus lig dom bheith do dhaidí
Ushmush, real Ennis town Adi
Tá mé tógtha le do chorp
Le déanamh olcas chuig do body, a baddí bad baddí
Bíonn tú i gcónaí ag amhrán
Ag gearán fúmsa
Aithnigh an seodra
Rachaimid chuig an seomra
Bhí tú ag stánadh amuigh ar an charraig
D'aimsigh mé thú ón fharraige
Bhí tú ag tochailt faoin gcré ar an talamh
Chuala mé thú ón mbaile
Bhí tú ag cuarda móin agus cruithneacht
Luaitear thú ar an nuachtán
Bhí tú ag smaoineamh ar imeacht chun bóthar
Cailín níl ionat ach gadaí
Níl ionat
Níl ionat ach gadaí
I gcónaí ag goid
I gcónaí ag déanamh
Cluichí collaí
Cluichí collaí
Ag imirt le mo chroí
Bhí tú ag stánadh amuigh ar an charraig
D'aimsigh mé thú ón fharraige
Bhí tú ag tochailt faoin gcré ar an talamh
Chuala mé thú ón mbaile
Bhí tú ag cuarda móin agus cruithneacht
Luaitear thú ar an nuachtán
Bhí tú ag smaoineamh ar imeacht chun bóthar
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
Cailín níl ionat ach gadaí
No níl ionat ach gadaí
|
||||
2. |
Buachaillín Dembó
04:32
|
|||
Bhí daoine ag goilleadh orm chuile oíche
Ushmush, an bhfuil tú fós ag casadh píosa
Bhí mé casta ag mo smaointe
M'intinn ag streachailt leis an fhírinne
Buachaillín Dembó
Tá mo ghuth fós beo
Buachaillín Dembó
Tháinig mé dtrín ceo
Buachaillín Dembó
Leis an mbuille seo a reo
Buachaillín Dembó
Ar mo sháimhín só
Bíonn na línte ag éirí níos airde
Bíonn an saol ag éirí níos daoire
Bíonn an cac ag leanúint na caora
Bíonn an torann i lár mo chuid smaointe
Mac a diabhal
Tada ach an éad seo orm
D'éist mé ní raibh ann ach torann
Ciúnaigh mé ach bhuail an stoirm
Ghaoth gan cúram sioc gan urraim
Gabh mé leithscéal as mo fhoirm
Dhiúltaigh tú an dílseacht ionam
Thréig mo chiall mo cheann 's mo cholainn
D'iarr mé cúnamh ar an tiarna
Agus maith dom mo bhfiacha
Dhéan mé peaca ar mo dhaoine
Muise, ní shin aon ionadh
Le chéile
Faoin oíche
Análú, croitheadh i mo cliabhrach
I gcónaí, braitheadh ar mo saoirse
I gcónaí, smachtaithe ag mo mhianta
I gcónaí, breathnú ar na soilse
I gcónaí, faire ar na taoide
I gcónaí, casadh ar mo chroíse
Muise, ní shin aon ionadh
Bhí daoine ag goilleadh orm chuile oíche
Ushmush, an bhfuil tú fós ag casadh píosa
Bhí mé casta ag mo smaointe
M'intinn ag streachailt leis an fhírinne
Cuireann an sliocht an locht an locht ar a mhuintir
Cuireann an deoch na mbocht ar an bhinse
Cuirim fiche hocht gram ar an unsa
Cuireann uaigneas an croch ins an seomra
Bíonn na línte ag éirí níos airde
Bíonn an saol ag éirí níos daoire
Bíonn an cac ag leanúint na caora
Bíonn an torann i lár mo chuid smaointe
Bhí daoine ag goilleadh orm chuile oíche
Ushmush, an bhfuil tú fós ag casadh píosa
Bhí mé casta ag mo smaointe
M'intinn ag streachailt leis an fhírinne
Buachaillín Dembó
Tá mo ghuth fós beo
Buachaillín Dembó
Tháinig mé dtrín ceo
Buachaillín Dembó
Leis an mbuille seo a reo
Buachaillín Dembó
Ar mo sháimhín só
Ar mo sháimhín só
Tá mo ghuth fós beo
Ar mo sháimhín só
Tháinig mé dtrín ceo
Ar mo sháimhín só
Tá mo ghuth fós beo
Ar mo sháimhín só
Ar mo sháimhín só
Ar mo sháimhín só
Ar mo sháimhín só
Ar mo sháimhín só
|
||||
3. |
Drill Bop
04:16
|
|||
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
As mo mheabhair
As mo mheabhair
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
As mo
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
As mo mheabhair
As mo mheabhair
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
An bocht 's an saibhir
An fán 's an tréanfhir
Tá tada le smaoineamh
Tá tada le creideamh
An ganntanas tuiscint
An ganntanas ciall
Tá an fhírinne searbh
Tá na páipéirí mil
An bocht 's an saibhir
An fán 's an tréanfhir
Tá tada le smaoineamh
Tá tada le creideamh
An ganntanas tuiscint
An ganntanas ciall
Tá an fhírinne searbh
Tá na páipéirí mil
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Cuir do chosa suas, take something to read
Bíonn an seanbhean ag caint leis na rialta
Sí ag iarradh fáil cúnamh ó dhía
Mura héisteoidh an té lena smaointe
Ní thiocfaidh sí riamh ar an fhírinne
Tá a creideamh i gcónaí ag claonadh
Ní gcloisfidh tú riamh a chuid caoineadh
A hintinn ag lorg na caoinna
Le laghdú an phian ar a chroíse
Ag coinneal ón bhfuacht, sí ag geimhreadh
Ag líonadh an stór gus an tiarlann
Ag coigilt an fuisce don tiarna
Ag coinneal an smacht ar a mhianta
An torann ag teacht ó na hinsi
Diabhal fuaim nach gcloisfeá go rialta
Ní thagann mo dhuine ariamh
Sprionlóir riamh is choíche
Bocht i measc na mbocht siad an locht ag troid faoi talamh
Nach airíonn tú an namhaid ata i gceannas ar an mbaile
Ag gearán agus ag gearán ach níor dhéan tú riamh tada
Cumhacht ar bith agat, siad i gcónaí déanamh magadh
Na pingin agus na nótaí tá siad imithe chun raga
An charta i do lámh a thugann aire do do anam
Gabh síos ar do ghlúine agus breathnaigh ar an cladach
Fágfaidh bád an saol seo an gcéibh i gceann tamall
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Tar isteach dún an doras agus lig do scíth
Cuir do chosa suas, take something to read
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
As mo mheabhair
As mo mheabhair
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
As mo
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
As mo mheabhair
As mo mheabhair
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
Rudaí gorma rudaí bán
As mo
An bocht 's an saibhir
An fán 's an tréanfhir
Tá tada le smaoineamh
Tá tada le creideamh
An ganntanas tuiscint
An ganntanas ciall
Tá an fhírinne searbh
Tá na páipéirí mil
An bocht 's an saibhir
An fán 's an tréanfhir
Tá tada le smaoineamh
Tá tada le creideamh
An ganntanas tuiscint
An ganntanas ciall
Tá an fhírinne searbh
Tá na páipéirí mil
|
Streaming and Download help
If you like ushmush, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp